Title: DO BRISEADH CUNNRADH AR CÁCH

Author:UNKNOWN
Subject:OTHERS IN ENGLISH
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Do briseadh cunnradh ar cách
Author: Unknown

1] Do briseadh cunnradh ar cách,
2] an cunnradh 'n-a bhriseadh bíoth;
3] an cor do ceangladh re cách
4] fáth meanman a dhol do dhíoth.
5] Ar ndol fa reachd nDiabhail dúinn
6] ar riaghail tar cheart do-chuaidh;
7] do rad bean ubhall dá hóidh
8] ler bhean an chóir
[gap: extent: 3 syllables]

9] Do-rinne ar námha rann rinn
10] crann na cána nó gur chaill;
11] an uaisle do-chuaidh ó cloinn;
12] ar mbuain an chroinn fuair-se ar bhfaill.
13] A éara ní fhuair ón mhnaoi
14] ---ar Éabha dá bhuain do bhí
15] neimheagla as ar mealladh mé--16] sé ar ngealladh deigheagna dí.
17] Don tuigse ar ar tréigeadh neamh
18] an céidsheal mar thuig-se toil
19] ---mince as aimhleas dí ná dhamh--20] ainbheas do ghabh sí ar a son.
21] An ghlóir ó do ghrádhaigh súd
22] fan gcánaidh sul do-chóidh siad
23] do chealg bean uathaibh tre éad;
24] tréad gan bhuachail do b'eadh iad.
25] Bioth 'n-a umhla budh ál leis;
26] gan a chumhna is nár a-nois
27] aingeal Dé gé a-dubhradh ris
28] do bhris sé an cunnradh re a chois.
29] A-tá fala ar gach droing díbh;
30] don chloinn nach rabha dá réir
31] do-bhir an breitheamh bheith cóir
32] ar bhreith dhóibh nó a bhfeitheamh féin.
33] Táinig a ghábhadh fa ghnaoi
34] Ádhamh mar ráinig an rí
35] is cara ler hagradh é
36] fala Dé dá n-admhadh hí.
37] Abhall na cána gur cheil
38] 's a námha d'fhulang 'n-a fhail
39] ionnarbadh dá shíol ó shoin
40] gach coir díobh d'iomardadh air.
41] Truagh, a Éabha, is goire ar ...
Page: 1
 

Others Books from the author..

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    AMICHE PER LA VITASEBASTIO SALGADO. GENESISAFFARE FATTO!THE BEATLES. ON THE ROAD 1964-1966
  • Illustrati

    Sfoglia riviste di Illustrati
  • Libri.it