Annals of the Four Masters 2
Author: [unknown]
p.564
M903.0
Aois Criost, naoi c-céd trí.
M903.1
An seachtmhadh bliadhain fichet do Fhland.
M903.2
Maol Martain, abb Lughmhaidh.
M903.3
Diarmaid, abb Daire Calgaigh.
M903.4
Corbmac, abb Droma Móire.
M903.5
& Suibhne, mac Duibh Da Bhoirent, prióir Cille Dara, d'ég.
M903.6
Maol Occhrai, mac Conghalaigh, tighearna Locha Gabhar, do mharbhadh la
Fogartach, mac Tolaircc.
M903.7
Cath Bhealaigh Mughna ria f-Flann mac Maoil Sechlainn, rí
---p.566
Ereann, & ria c-Cerbhall, mac Muireigein, rí Laighen, & ria c-Cathal, mac
Conchobhair, rí Connacht for Corbmac mac Cuilennáin, rí Caisil. Ro
meabhaidh
---p.568
an cath for Corbmac & at-rochair féin ann, gér bo liacha thuitim, uair rí,
easpucc, angcoire, scribhnidh, & egnaidh derscaighthe isin m-berla
Scoiteccdha esidhe. At iad na saer-clanna torcratar imaille fris.
Foghartach, .i. eccnaidhe mac Suibhne, tighearna Ciarraighe Cuirche,
Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe, Maol Gorm, tighearna
Ciarraighe Luachra, Maol Mórdha, tighearna Raithlinne, Ailell, mac Eoghain,
abb Trín Corcaighe, Colman, abb Cind Éittigh, & tighearna Corca Duibhne, &
aroile saor-clanna cenmotát-sidhe go sé mílibh h-i maille friú. As dia
foraithmet-sin ro ráidheadh indso la Dallán mac Móire,
---p.570
1. Corbmac Feimhin Fogartach,
Colmán, Ceallach, cruaidh n-ughra,
at-bathsat co n-il-mhilibh,
h-i c-cath Bealaigh muadh Mughna.
2. Flann Teamhra don Taillten-mhaigh,
Cearbhall don Carmain cin ach,
h-i sepdecim September,
cloiset cath cétaibh iolach.
3. An t-epscop, an t-anmchara,
an suí ba sochla fordharc,
rí Caisil, ri Iarmhumhan
a Dhé dirsan do Chorbmac.
As do bliadhain báis Corbmaic ro ráidheadh bheós,
1. O genair Iosa do nimh,
a trí, naoi c-céd do bliadhnaibh,
co bás Corbmaic comhal n-glan,
ba liach a écc rí Mumhan.
Fiach ua Ugfadhan, ...
|
|
|
|
|
|
|
|
|